- Theorytest.ie Baile
- ADI Baile
- Suíomhanna Ionad Tástála
- Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin
- Taithí Tástála
- Riachtanais maidir le Cruthúnas Céannachta
- Ábhar Athbhreithnithe
- An chaoi do thástáil a chur in áirithe
- Ceisteanna Coitianta
Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin
Tá próiseas curtha i bhfeidhm ag an RSA do dhuine ar bith ar mian leis nó léi a bheith ina t(h)eagascóir tiomána. Tá trí chéim sa phróiseas. Tástail teoirice atá i gcéim a haon, tástáil tiomána atá i gcéim a dó agus is é atá sa chéim dheireanach ná tástáil ar chumas an duine teagasc a thabhairt. Ní mór pas a fháil sna céimeanna seo san ord seo, agus nuair a bheidh pas faighte agat, beidh cead agat d’ainm a bheith liostáilte ar chlár an ADI.
Taispeánann an méid seo a leanas an chaoi a mbaineann na catagóirí cáilíochtaí ADI leis na réimsí ceadúnais inar féidir leat foghlaimeoirí a theagasc:-
| Catagóirí ina bhfuil Teidlíocht Teagaisc | ||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Ballraíocht | M | A1 | A | B | EB | C1 | C | EC1 | EC | D1 | D | ED1 | ED | W |
| A | Y | Y | Y | |||||||||||
| B | Y | Y | Y | |||||||||||
| C | Y | Y | Y | Y | Y | Y | ||||||||
| D | Y | Y | Y | Y | Y | Y | Y | |||||||
| EC | Y | Y | Y | Y | Y | Y | Y | |||||||
Sula ndéanfaidh tú coinne don tástáil teoirice, ní mór duit iarratas a dhéanamh chun clárú le hAonad ADI an RSA. Éileofar ort táille a íoc ag an am seo. Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte agus faofa, tabharfaidh Aonad ADI an RSA uimhir teidlíochta duit a n-úsáidfear chun do thástáil a chur in áirithe. Ní mór duit insint don RSA i rith an phróisis iarratais cé acu de na catagóirí thuasluaite ina mbeidh tú ag iarraidh a bheith ag teagasc agus cinnteoidh siad go ndéanfar tástáil ort sna réimsí sin.

