traffic light
Ag Obair Chun Beatha a Shábháil

English

Theorytest.ie > Cairt do Chustaiméirí

  • Theorytest.ie Baile
  • Cairt do Chustaiméirí
  • Beartas
  • Fúinne
  • Nuacht is Déanaí
  • Tástáil Teoirice Tiomána
  • ADI - Teagascóir Tiomána Faofa

Learner driver passes test

Cairt do Chustaiméirí

  • Áiseanna custaiméara
  • Caighdeáin seirbhíse
  • Ag Éisteacht leat
  • Ag coinneáil an custaiméir ar an eolas
  • Má théann rudaí amú
  • Cinntí maidir le do thástáil

Áiseanna custaiméara

Is í an aidhm atá againn na seirbhísí seo a leanas a thairiscint dár gcustaiméirí:

  • Seirbhís áirithinte agus faisnéise ar-líne 24 uair  
  • Seirbhís áirithinte agus faisnéise ar an teileafón idir 08.00 agus 18.00, Luan go hAoine, gan laethanta saoire poiblí san áireamh
  • Ionaid Tástála Teoirice Tiomána atá caoithiúil agus a bhfuil rochtain éasca orthu
  • Rochtain dóibh siúd le míchumas ar gach Ionad Tástála Teoirice Tiomána
  • Ba cheart do chustaiméirí a bhfuil riachtanais speisialta acu dul i dteagmháil linn ar an teileafón sula gcuireann siad a dtástáil in áirithe d’fhonn comhairle a fháil chun a chinntiú go bhféadfaí a riachtanais a chomhlíonadh ag an Ionad Tástála Teoirice Tiomána
  • Ionad fáiltithe, seomraí feithimh agus seomraí tástála atá glan, saor ó dheatach agus sábháilte
  • Áiseanna leithris (a bhfuil ceann acu curtha in oiriúint dóibh siúd atá faoi mhíchumas)
  • Taisceadáin d’fhonn do ghiuirléidí a stóráil le linn do thástála 

Barr an Leathanaigh

Caighdeáin Seirbhíse

Nuair a dhéanann tú teagmháil lenár bhfoireann:

  • Taispeánfaidh siad na leibhéil is airde cúirtéise agus measa
  • Pléifidh siad le do riachtanais go scafánta
  • Léireoidh siad íogaireacht, foighne agus tuiscint agus iad ag déileáil le haon saincheist a d’fhéadfadh a bheith agat
  • Tabharfaidh siad a n-ainm duit má iarrann tú é
  • Bíonn suaitheantas ainm a bhfuil grianghraif air ag baill foirne an ionaid tástála i gcónaí.

Is í an aidhm atá againn:

  • Seirbhís um Thástáil Teoirice Tiomána ar ardchaighdeán a chur ar fáil
  • Glacadh le háirithintí ar-líne, ar an teileafón agus tríd an bpost
  • Glaoch ar ais laistigh de 24 uair ar iarrthóirí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus nach bhfuil in ann a n-áirithint idirlín a chomhlánú. Sa chás go ndéantar an áirithint taobh amuigh de lá oibre, beidh an glaoch ar ais ar an gcéad lá oibre eile.
  • Admháil a thabhairt do gach ríomhphost ó iarrthóirí laistigh de 2 lá oibre
  • Coinní a thairiscint do 94% d’iarrthóirí ag an ionad atá roghnaithe acu laistigh de choicís den dáta is mian leo
  • Seisiúin tástála a thairiscint gach coicís ag ionaid seasta Tástála Teoirice Tiomána. Bheadh ar a laghad lá den tseachtain i gceist (09.00 - 18.00), mar aon le tráthnóna amháin (18.00 - 21.00), laethanta saoire poiblí gan a bheith san áireamh, agus Sathairn amháin (09.00 - 17.00).  Bheadh ar a laghad Sathairn amháin in aghaidh na míosa ag ionaid tástála Shoghluaiste.
  • Seisiúin a thairiscint ag ionaid Tástála Teoirice Tiomána shoghluaiste a bhfuil níos lú ná 250 tástáil in aghaidh na bliana acu, ar a laghad gach dhá mhí agus uair amháin ar lá den tseachtain, uair amháin ar thráthnóna den deireadh seachtaine agus uair amháin ag deireadh seachtaine ar a laghad gach 6 mhí.
  • Deimhniú den choinne tástála a sheoladh amach i scríbhinn nó trí ríomhphost laistigh de chúig lá oibre má tá socruithe speisialta ag teastáil uait
  • 80 faoin gcéad de ghlaonna teileafóin a fhreagairt laistigh de 30 soicind
  • Gach aisíoc mar aon le haon chúiteamh a eisiúint laistigh de 10 lá oibre ón uair a bhfaighfí éileamh bailí nó ón uair a ndéanfaí cinneadh gur cheart aisíoc a dhéanamh
  • Cinntiú nach mbeidh an gnáthiarrthóir ag fanacht níos mó ná 15 nóiméid sula dtosófaí an tástáil
  • Teastas Tástála Pas a sholáthar ag deireadh na tástala, sa chás go bhfuil sé infheidhmithe, d’iarrthóirí ar éirigh leo.
  • Faisnéis i scríbhinn faoi réimsí ginearálta a bhí lag a sholáthar d’iarrthóirí nach n-éiríonn leo i dtástáil (baineann sé seo go sonrach leis na tástálacha teoirice do Chatagóirí A, B, MW, C & D)
  • Má tharlaíonn sé go mbeidh ar Prometric coinne tástála a chur ar ceal ar chúis ar bith, tabharfaimid ar a laghad cúig lá oibre d’fhógra duit agus tairgfimid coinne tástála nua duit laistigh de chúig lá oibre ó dháta na tástála
  • Má thugann Prometric fógra níos lú ná 5 lá go bhfuil coinne tástála cealaithe, tairgfimid coinne tástála duit in aisce agus íocfaimid cúiteamh leat atá cothrom le 50 faoin gcéad den táille tástála.

Tá na Sonraí faoinár Scéim Cúitimh ar taispeáint ag gach Ionad Tástála Teoirice Tiomána. Déanfaimid ár ndícheall i gcónaí feabhas a chur ar ár seirbhísí agus tá sé mar aidhm againn go háirithe coinní tástála a chur ar fáil ar bhealach scafánta agus éifeachtach.

Barr an Leathanaigh

Ag Éisteacht Leat

Tá áthas orainn i gcónaí do bharúlacha a fháil faoinár seirbhís mar aon le haon smaoineamh atá agat faoin gcaoi a d’fhéadfadh muid feabhas a chur uirthi.

Buailimid go rialta le heagraíochtaí custaiméirí d’fhonn comhairle a chur orthu i ndáil lenár bhfeidhmiúchán mar aon le héisteacht le haon bharúil nó breithniú atá acu.

Fáiltimid roimh do bharúlacha, bíodh siad dearfach nó diúltach. Tá foirmeacha chun barúlacha a thabhairt ar fáil ag gach Ionad Tástála Teoirice Tiomána.

Íoslódáil an Chairt do Chustaiméirí ina hiomláine i bhformáid .pdf anseo.

Barr an Leathanaigh

Ag Coinneáil an Chustaiméir ar an Eolas

Cuirimid custaiméirí ar an eolas roimh ré faoi athruithe maidir le:

  • Nósanna imeachta tástála a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu orthu
  • Suímh Ionad Tástála agus uaireanta oscailte
  • Táillí tástála infheidhmithe
  • Foilseacháin maidir le hullmhú don tástáil a bhfuil sé mar aidhm acu iarrthóirí a ullmhú don tástáil.

Barr an Leathanaigh

Má théann rudaí ar strae

I gcás nach raibh ár seirbhís chomh maith is a bhí tú ag súil leis, abair linn é ionas gur féidir linn an tseirbhís a fheabhsú don chéad uair eile. Má bhíonn gearán agat gheobhaidh tú gach eolas faoin ábhar sa bhileog, Nósanna Imeachta maidir le Gearáin.

Ach go bunúsach, ba cheart duit scríobh chuig ár mBainisteoir Seirbhísí Custaiméara in ár gceann áras i nDroichead Átha. Laistigh de chúig lá oibre tar éis dó nó di do chomhfhreagras a fháil, seolfaidh sé nó sí admháil nó freagra iomlán chugat. Seolfaidh sé nó sí freagra iomlán chugat laistigh de dheich lá oibre.

Comhoibreoimid le daoine aonair nó le heagraíochtaí atá ag gníomhú ar do shon. Beidh ár mBainisteoir Seirbhísí Iarrthóra sásta faisnéis iomlán a thabhairt duit i gcónaí maidir le saincheist nó deacracht ar bith.

Déanfaimid:

  • Treochtaí a sheiceáil ar fhaitíos go mbeadh orainn aon athruithe a dhéanamh.
  • Seiceáil rialta go ndéileáltar le gearáin go pras.

Barr an Leathanaigh

Cinntí faoi do thástáil

Má cheapann tú go ndearnamar an cinneadh mícheart labhair lenár maoirseoir um Thástáil Teoirice Tiomána sula bhfágfaidh tú nó lorg achomharc i gcoinne an chinnidh tríd na foirmeacha achomhairc atá ar fáil i ngach ceann dár n-ionaid Tástála Teoirice Tiomána a úsáid agus iarr orainn an tástáil a mharcáil arís.
Caithfidh tú:

  • Achomharc a dhéanamh laistigh de dheich lá oibre.
  • Táille eile a íoch.

Nuair a gheobhaimid d’achomharc, déanfaimid do thástáil a mharcáil in athuair agus cuirfimid an toradh in iúl duit laistigh de chúig lá oibre.
Ball foirne ón ár gceann áras a cheartóidh do thástáil in athuair
Má chinntear go bhfuil an chéad mharcáil mícheart:

  • Aisíocfar an táille a d’íoc tú as an achomharc.
  • Eiseofar teastas teoirice tiomána chugat.

     

Naisc Thapa

Cairt do Chustaiméirí
Beartas
Fúinne

Eolas Teagmhála

Teileafón:
Béarla 1890 606 106
Gaeilge 1890 606 806
Fón Téacs 1890 616 216

DTT LOGO

© Road Safety Authority