- Theorytest.ie Baile
- TTT Baile
- Suíomhanna Ionad Tástála
- Taithí Tástála
- Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin
- Riachtanais maidir le Cruthúnas Céannachta
- An chaoi le tástáil a chur in áirithe
- Ceisteanna Coitianta maidir leis an Tástáil Teoirice
Riachtanais maidir le Cruthúnas Céannachta
Le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2010, ní mór duit cineál AMHÁIN cruthúnais céannachta inghlactha ón liosta thíos a thabhairt leat, CHOMH MAITH LE Dhá Ghrianghraf den chineál Pas a fhreagraíonn do na caighdeáin atá sonraithe thíos.
Doiciméid Chéannachta:
Tá siad seo a leanas inghlactha:
- pas
- Cárta Aitheantais Náisiúnta arna eisiúint ag : Austria, Belgium, Bulgaria, Estonia, Finland, France, Germany, Greece, Hungary, Italy, Lithuania, Luxembourg, Malta, Netherlands, Poland, Portugal, Romania, Slovakia, Slovenia, Spain, Sweden, Switzerland.
- cárta fostaithe nó cárta aitheantais mhic léinn
- Aoischárta Náisiúnta an Gharda Síochána
- leabhar a eisíodh sa Stát d’fhonn íocaíochtaí liúntais leasa shóisialaigh nó sochair nó pinsin a dhéanamh; cárta leighis atá eisithe ag an Stát
- cárta saorthaistil atá eisithe sa Stát ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
- cáipéis taistil a bhfuil ainm agus grianghraif an tsealbhóra air
- cárta sínithe eisithe sa Stát ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
- leabhar bainc nó Bainc Choigiltis
- leabhar seic
- cárta seic
- cárta creidmheasa
- cárta ballraíochta comharchumainn
- teastas breithe
- teastas pósta
- teastas clárúcháin
Grianghraif den chineál Pas (ag teastáil ón 1 Deireadh Fómhair 2010):
Ní mór duit DHÁ ghrianghraf chomhionanna daite ar mhéid pas a thabhairt leat,
Is iad seo a leanas na caighdeáin do ghrianghraif inghlactha:
• Ní mór don ghrianghraf a bheith glactha níos lú ná 6 mhí ó shin.
• Ba chóir dath a bheith orthu.
• Íosmhéid na ngrianghraf 35mm x 45mm, uasmhéid na ngrianghraf 38mm x 50mm.
• Sa ghrianghraf, ba chóir go dtaispeántar aghaidh iomlán chloigeann an duine, mar a bheadh sé nó sí de ghnáth.
• Ní mór don íomhá a bheith géar agus soiléir agus le cúlra bán nó liath geal taobh thiar di nó dó.
• Ní ghlacfar le spéaclaí gréine. Féadtar spéaclaí imire a chaitheamh ach ba chóir go mbíonn súile an duine fós soiléir.
• Ní ghlacfar le clúdaigh cloigne ach amháin le haghaidh le haghaidh cúiseanna reiligiúnacha. Ní cheadaítear le bandaí gruaige.
Ba chóir go mbeadh an cloigeann i lár na híomhá. Caithfear staidiúir thosaigh a úsáid, ag breathnú díreach ar an gceamara, agus caithfear é a ghlacadh le cúlra bán, liath geal nó bánbhuí. Ba chóir go bhfuil fíorchodarsnacht idir do ghnéithe aghaidhe agus cúlra na ngrianghraf. Ba chóir rothlú nó claonadh cloiginn i dtreo clé/deis nó suas/síos a sheachaint.
Ní mór do na grianghraif, a chuirfear faoi bhráid, na treoirlínte grianghraif a chomhlíonadh. Tá na treoirlínte seo bunaithe ar chaighdeáin inghlactha idirnáisiúnta.
Ní ghlacfar le grianghraif nuair nach bhfuil an aghaidh shoiléir, nuair nach dtaispeántar barr an chloiginn, nuair a bhíonn spéaclaí dorcha á gcaitheamh ag duine, grianghraif a dhéantar sa bhaile nach bhfuil mar i gcéanna, nó nuair a bhíonn cúlra dorcha ann.
Más do chatagóir C (leoraí) nó catagóir D (bus) an tástáil, ní mór duit do cheadúnas tiomána reatha do chatagóir B a thabhairt leat. Ní mór ceadúnas tiomána na hÉireann bailí a bheith ann nó ceann atá eisithe ag ballstát eile den AE, nó ón Íoslainn, Lichtinstéin, nó ón Iorua.
Más rud é nach dtugann tú leat na míreanna atá ag teastáil nó go mbíonn tú déanach le haghaidh do choinne, ní cheadófar duit do thástáil a dhéanamh agus caillfidh tú do tháille.

