traffic light
Ag Obair Chun Beatha a Shábháil

English

Theorytest.ie > An Tástáil Teoirice Tiomána > Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin

  • Theorytest.ie Baile
  • TTT Baile
  • Suíomhanna Ionad Tástála
  • Taithí Tástála
  • Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin
  • Riachtanais maidir le Cruthúnas Céannachta
  • An chaoi le tástáil a chur in áirithe
  • Ceisteanna Coitianta maidir leis an Tástáil Teoirice

Learner driver passes test

Cineálacha Tástálacha agus Deimhniúcháin

Seachadaimid tástálacha teoirice tiomána do thiománaithe atá ag foghlaim i ndáil leis na catagóirí feithiclí seo a leanas:

  • móipéidí
  • gluaisrothair
  • feithiclí oibre
  • carranna
  • leoraithe
  • busanna

Is í an aidhm atá ag tástálacha teoirice tiomána sna catagóirí seo scrúdú a dhéanamh ar an eolas tiomána atá ag tiománaithe ar foghlaimeoirí iad. Tá ceithre thástáil teoirice éagsúla ann, ag brath ar na catagóirí feithiclí ar mian leis an iarrthóir iad a bheith ar a gcead foghlaimeora nó ar a gceadúnas tiomana. Tá siad seo leagtha amach sa tábla seo a leanas;

Catagóir don Teastas Teoirice Tiomána Catagóir Cheadúnais Tiomána/Cheada Fhoghlaimeora
AM A, A1 agus M
BW B, EB agus W
C C, C1, EC agus EC1
D D, D1, ED agus ED1

Tugann an tábla seo a leanas sonraí faoi na feithiclí atá san áireamh i ngach catagóir cheadúnais tiomána;

Earnáil Feithicil Aois Íosta
A1 Gluaisrothair le méid inill de 51-125cc agus le cumhacht nach mó ná 11kW 16
A Gluaisrothair 18
M Móipéid  le méid inill nach mó ná 50cc agus/nó luaschumas nach mó ná 45km san uair 16
B Gluaisteáin (agus feithiclí eile) le cóiríocht do líon nach mó ná 8 bpaisinéir, le o.f. deartha nach mó ná 3,500kg 17
W Feithiclí oibre agus tarracóirí talún, i gceangal le leantóir nó gan a bheith i gceangal le leantóir 16
C Trucailí (nó feithiclí eile) le cóiríocht do líon nach mó ná 8 bpaisinéir, le o.f. deartha os cionn 3,500kg 18
C1 Trucailí (nó feithiclí eile) le cóiríocht do líon nach mó ná 8 bpaisinéir, le o.f. deartha os cionn 3,500kg ach ní os cionn 7,500kg 18
D Bus le cóiríocht do líon níos mó ná 8 bpaisinéir 21
D1 Bus le cóiríocht do líon níos mó ná 8 bpaisinéir ach nach mó ná 16 phaisinéir 21

Cuimsíonn na tástálacha do chatagóirí B, C, C1, D, D1 agus W ceadanna foghlaimeora do na catagóirí seo nuair atá tarraingt feithicle i gceist agus níl aon ghá tástáil teoirice ar leith a dhéanamh.

Chomh maith leo sin atá luaite thuas, seachadaítear tástálacha teoirice speisialta do na catagóirí tástála seo a leanas:

  • ADI (Teagascóir Tiomána Faofa)
  • CPC (Teastas in Inniúlacht Phroifisiúnta) do thiománaithe proifisiúnta Bus (Beo an 10 Meán Fómhair 2008)

Naisc Thapa

Cairt do Chustaiméirí
Beartas
Fúinne

Eolas Teagmhála

Teileafón:
Béarla 1890 606 106
Gaeilge 1890 606 806
Fón Téacs 1890 616 216

DTT LOGO

© Road Safety Authority