traffic light
Ag Obair Chun Beatha a Shábháil

English

Theorytest.ie > Nuacht is Déanaí

  • Theorytest.ie Baile
  • Cairt do Chustaiméirí
  • Beartas
  • Fúinne
  • Nuacht is Déanaí
  • Tástáil Teoirice Tiomána
  • ADI - Teagascóir Tiomána Faofa

Learner driver passes test

Nuacht is Déanaí

Leagan Nua den Tástáil Teoirice Tiomána ar fáil ó Bhealtaine 2009

Fógraíodh sonraí maidir le hathbhreithniú suntasach a cuireadh i bhfeidhm ar an 31 Bealtaine 2009. Athnuadh agus leasaíodh chun dáta tuairim is 10% de na ceisteanna ó bhanc na gceisteanna trasna na gcatagóirí cheadúnais ar fad. Cumhdaíonn an tástáil nua na scrúduithe ó 30 Bealtaine 2009. Cuireadh ceisteanna nua nó leasaithe ón dáta seo sna scrúduithe le haghaidh tiománaithe Gluaisteáin, Gluaisrothar, Bus, agus Trucail. Foilsítear liosta iomlán de na ceisteanna atá leasaithe chun dáta sa 4ú heagrán den Leabhar Oifigiúil Tástála Teoirice Tiomána, Bealtaine 2009 agus ar an CD-Rom a chuirfear ar fáil chun ceannaigh iad, ar líne agus ó shiopaí leabhair, sula i bhfad. Tá 140 de 1400 ceist, a bheag nó a mhór, leasaithe, athnuaite nó athchurtha. Cuimsíonn na hathruithe sin, athruithe reachtúla maidir le rialacháin cheadúnais, teacht isteach Tacagraif Digiteacha, agus athruithe ar rialacha a bhaineann le luasteorainneacha. Cuireadh eolas nua ar fáil sa leabhar Rialacha an Bhóthair maidir le stopadh laistigh d’achar slán. Leasaíodh chun dáta na ceisteanna maidir le fearacht guaiseacha chun a fháil amach ar féidir an tiománaí anailís a dhéanamh ar chor guaiseach agus an beart is cuí a roghnú i ndáil an ghuais sin. Cuireadh feabhas ar an tástáil chun scrúdú críochnúil a dhéanamh ar eolas agus tuiscint an iarrthóra maidir le rialacha an bhóthair agus cúrsaí sábháilteachta. Cuidíonn sé le tiománaithe chun bheith ina dtiománaithe níos sábháilte.

Tá Lascainí Speisialta ar Leabhar agus CD Tástála Teoirice Tiomána

Ar feadh tréimhse teoranta tá tairiscint speisialta ar fáil ar phacáiste Leabhar Oifigiúil Tástáil Teoirice Tiomána, an 4ú heagrán - Bealtaine 2009 maille le CD-Rom. Má cheannaíonn tú an pacáiste seo ag an bpraghas speisialta €30 (seachadadh san áireamh) sábhálann tú 23% ar an ngnáthphraghas. Gheobhaidh tú an Leabhar agus an CD-Rom agus cuidíonn siad leat chun bheith ullmhaithe don thástáil teoirice. Tá na ceisteanna ar fad a úsáidtear sa Tástáil Teoirice sa Leabhar agus is féidir leat tástálacha cleachtaidh a dhéanamh leis an CD-Rom ar scáthláin cosúil leis na scáthláin a úsáidtear sa Tástáil agus tagann na ceisteanna ó bhanc na gceisteanna a úsáidtear sna tástálacha féin. Sa tslí sin is féidir leat a chinntiú go bhfuil tú ullmhaithe don tástáil agus go bhféadfaidh tú pas a fháil. Tá an tairiscint ar fáil ach amháin ar an suíomh idirlín seo.

Tabhair faoi deara le do thoil: Rialacháin Nua maidir leis an Tástáil Teoirice Tiomána (TTT) agus an Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla (DIG)

i bhfeidhm ó 1 Feabhra 2009 i leith Athruithe ar Luasteorainneacha Ceisteanna Leasaithe Anseo Athruithe i dtaobh Luasteorainneacha DIG

Tástáil Cleachtaidh ar fáil Anois ar d’Fhón Póca

Tá Seirbhís Tástála Cleachtaidh ar fáil anois ar d’Fhón Póca. Féadann iarrthóirí íoslódáil 4 thástáil cleachtaidh difriúla óna bhfón póca chun cuidiú leo ullmhú don tástáil teoirice tiomána ach táille a íoc. Is féidir leat cleachtadh a dhéanamh ar cheisteanna a tháinig ó bhanc na gceisteanna a úsáidtear sna tástálacha chun a fháil amach an bhfuil tú ré an tástáil a dhéanamh. Is féidir leat an tástáil a thosú nó a stopadh am ar bith, cleachtadh a dhéanamh ar cheisteanna a úsáidtear sa tástáil, agus cuirtear in iúl duit láithreach bonn cé acu ar éirigh leat nó níor éirigh, agus maidir le ceisteanna ar thug tú freagraí mícheart orthu is féidir leat iad a fheiceáil arís agus is féidir leat an tástáil a dhéanamh arís chomh minic agus is mian leat. Is modh solúbtha agus áisiúil é seo a chuidíonn le hiarrthóirí, a rinne staidéar ar Leabhar Oifigiúil Tástála Teoirice Tiomána agus an CD-Rom, a fháil amach cé acu an bhfuil siad ullmhaithe nó nach bhfuil siad ullmhaithe an tástáil teoirice a dhéanamh. Chun rochtain ar an tseirbhís seo níl gá ach téacs PDTT1 nó PDTT2 nó PDTT3 nó PDTT4 a sheol chuig 57800. Tá ceithre thástáil chleachtaidh ar fáil le haghaidh íoslódála ar tháille €5 gach íoslódáil.

Tabhair Faoi Deara Tiománaithe Bus! Tá próiseas ceadúnais agus tástála teoirice nua le haghaidh tiománaithe bus agus cóiste i bhfeidhm ó Mheán Fómhair, 2008.

Tá reachtaíocht nua i bhfeidhm maidir le tiománaithe bus agus cóiste ar mhian leo tiomáint ar bhonn gairmiúil, i.e. “Ar Fruiliú nó Ar Luaíocht”. Caitheann siad tástáil teoirice eile a dhéanamh chun an Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla (DIG/CPC) a fháil de bhreis ar an Tástáil Teoirice Tiomána, sa Chatagóir a bhaineann le tiománaithe bus. Tá riachtanas ar gach duine a iarr ar cheadúnais bhus ar an 10 Meán Fómhair 2008 nó tar éis an dáta sin an tástáil teoirice seo a dhéanamh maille leis an gnáththástáil teoirice le haghaidh tiománaithe bus/cóiste más mian leis an duine bheith ina thiománaí ghairmiúil bus. Cliceáil ar an deilbhín CPC ar an leathanach seo www.theorytest.ie chun eolas a fháil maidir leis an tástáil a chur in áirithe agus an áit ar féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil. D’fhoilsigh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre na sonraí go léir i “Nóta Faisnéise maidir leis an DIG” do thiománaithe gairmiúla bus/cóiste agus atá ar fáil ar shuíomh idirlín an RSA.

Leagan Nua ar fáil den Leabhar Tástála Teoirice Tiomána agus CD

Tá an leagan oifigiúil is déanaí den Leabhar Tástála Teoirice (an Tríú hEagrán le Clúdach Gorm) ar fáil anois. Ba chóir an leabhar agus an CD seo a úsáid ó 1 Meán Fómhair chun ullmhú do na tástálacha teoirice tiomána. Tá liosta iomlán na gceisteanna tástála agus na bhfreagraí sa leabhar agus ar an CD. Cuirtear ar fáil chun ceannaigh iad ar an suíomh seo agus ó shiopaí leabhar ar fud na tíre.

Lainseáladh Seirbhís Nua Íocaíochta Dearbháin

Tá seirbhís nua á thabhairt isteach ó 2 Iúil 2009 chun cur ar chumas na n-iarrthóirí dearbhán a cheannach i siopaí ar fud na tíre, trí úsáid an líonra Payzone. Féadtar an r-Dearbháin a úsáid chun leabhar a cheannach agus chun íoc as an tástáil teoirice ar an nGréasán nó tríd an tseirbhís áirithinte ar an teileafón.

Ceannaigh Ábhar Athbhreithnithe Ar-Líne

Is féidir leat an Leabhar Tástála Teoirice Tiomána agus an CD-Rom a cheannach ar-líne anois agus seachadtar chuig d’áit cónaithe iad. Seiceáil amach an nasc “Ábhair Athbhreithnithe” ar theorytestl.ie chun tuilleadh eolais a fháil agus déan cinntiú go bhfuil tú ullmhaithe chun an tástáil a dhéanamh.

Lainseáladh Seirbhís Mheabhrúcháin – Meabhrúchán coinní a seoltar le téacs agus r-phost

Seoltar meabhrúcháin coinní tástála le téacs agus r-phost ó 2 Iúil, 2009. Nuair a chuireann tú do thástáil in áirithe agus nuair a thugann tú d’uimhir fhóin póca nó seoladh r-phost, seolfar meabhrúchán coinne chugat 24 uair an chloig roimh an gcoinne.

Glactar le Cártaí Laser le haghaidh Íocaíochta i leith na Tástála

Is féidir leat an tástáil teoirice tiomána a chur in áirithe le de Chárta Laser anois de bhreis ar mhodhanna íocaíochta eile lena n¬-áirítear cártaí creidmheasa, seiceanna nó orduithe poist. An tslí is tapúla agus is áisiúla chun do thástáil a chur in áirithe ná an tseirbhís áirithinte ar líne a úsáid le do chárta Laser seirbhís atá ar fáil 24 uair a chloig, 7 lá sa tseachtain. Is féidir leat an tseirbhís áirithinte ar an teileafón a úsáid chomh maith le do Chárta Laser.

Osclaíodh Aonad Tástála Nua i gCill Mhantáin

Osclaíodh aonad tástála úrnua i mBaile Chill Mhantáin le déanaí. Tá sé lonnaithe i Halla Wentworth, Plás Wentworth, Co. Chill Mhantáin agus tá spás san áit chun freastal a dhéanamh ar tuilleadh iarrthóirí agus éascaíonn an leagann amach nua próiseas cláraithe sruthlínithe, agus slándáil feabhsaithe, a chur ar fáil do na hiarrthóirí, i dtimpeallacht níos compordaí agus níos suaimhní .

Naisc Thapa

Cairt do Chustaiméirí
Beartas
Fúinne

Eolas Teagmhála

Teileafón:
Béarla 1890 606 106
Gaeilge 1890 606 806
Fón Téacs 1890 616 216

DTT LOGO

© Road Safety Authority